Seachtain na Gaeilge 2021

Seachtain na Gaeilge 2021

Bhain gach duine sár taitneamh as Seachtain na Gaeilge 2021. Bhí sé saghas difriúil an bhliain seo, ach bhí sé fós lán le gníomhaiochtaí spraoiúil. Ghlac gach duine páirt sa chomórtas filíochta, bhí Tráth na gCeist ar zoom do rang a 3, 4, 5 agus 6. Bhí ranganna corpoideachas agus Ealaín againn tríd Gaeilge. Bhí Ceolchoirm iontach againn agus tá sé suas ar Seesaw anois. Bhí gach rang ag léamh agus ag éisteacht le leabhair Gaeilge. Bhí siad amuigh sa chlós ag damhsa agus ag imirt cluichí Gaeilge. Bhí lón Gaeilge ag roinnt ranganna agus bhí an deis ag roinnt rang féachaint ar clár teilifíse as Gaeilge. Is bliain deacair é an bhliain seo, ach cruthaigh CNS ‘Crann Dóchas’ lena ndóchas do 2021. Bhí an-spraoi againn an bhliain seo agus támar ag tnúth go mór le Seachtain na Gaeilge 2022. ‘Is fearr Gaeilge bhriste, ná Béarla cliste’